Nollaig Shona Daoibh!

The girls in room 12 have been very busy making Christmas cards. They gathered various materials such as felt, buttons, sequins, ribbon, wrapping paper, etc.

The girls are delighted with their masterpieces and look forward to giving it to someone special this Christmas!

Beannachtaí na Nollag Oraibh ó rang a trí!

Seó Beag agus Céilí Mór!

Bhaineamar an-taitneamh as Seachtain na Gaeilge i Scoil Mhuire Cabhair na gCríostaite.  

An Deardaoin seo caite, rinne gach rang píosa beag don seó a bhí ar siúl againn sa halla.

Thosaigh an Cór ag canadh. Chan siad amhráin ón gCór Fhéile agus bhí siad ar fheabhas.

Rinne gach rang rud éigin.  Bhíomar ag canadh agus ag damhsa.  Chuir Rang a Trí dráma ar siúl bunaithe ar Chlann Lír. Bhí siad iontach maith!

Chríochnaigh an seó le Club na Gaeilge. Chan siad agus bhí siad ag rince.

Ina dhiaidh sin, bhí crannchur againn.  Thug na múinteoirí ticéid do na daltaí a bhí ag déanamh sár-iarracht Gaeilge a labhairt. Bhíomar ar bís! Bhí a lán duaiseanna ar fáil.  Go raibh maith agat Ms Leonard – bíonn cuma mhaith ort i ngriangraif!

This slideshow requires JavaScript.

Dé Luain, bhí Céilí Mór againn sa halla. Bhíomar ag damhsa le chéile. Bhí aithne againn go léir ar “Ionsaí na hInse” agus mhúin Ms. Friel cúpla damhsa eile dúinn. Bhí na céimeanna simplí agus bhí an-spraoi againn!

This slideshow requires JavaScript.